Arrival

Departure:

Adults:

Close ↓

As Gaeilge

Ostán faoi úinéireacht teaghlaigh is ea An Muileann atá bunaithe i mBaile Bhuirne ón mbliain 1755.

Tá sé suite ar an bpríomhbhóthar N22 leathshlí idir Chorcaigh agus Cill Airne agus i ndúthaigh Ghaeltachta shráidbhailte Bhaile Mhic Íre agus Bhaile Bhuirne atá 12km lasmuigh de bhaile stairiúil Mhaigh Chromtha, agus 25km ó Chathair Chorcaí agus 15km ó bhaile Chill Airne.
 
Tá an t-ostán seo suite i nGaeltacht Chorcaí, áit atá neadaithe i tírdhreach fíorálainn lán de chnoic agus foraoiseacha agus ar bhruacha Abha an tSuláin atá ar fheabhas chun iascaireachta agus ar imeall Shléibhte Dhoire na Sagart.

Tá suaimhneas ar fáil san áit seo, sna rianta agus sna siúlhbealaí atá sna sléibhte agus atá fós le siúl anseo ar thairseach na Gaeltachta láir in Iarthar Chorcaí a bhfuil a canúint shainiúil féin aici.
 
Lúbann an bóthar ó Bhaile Bhuirne tríd an nGaeltacht fan a gleannta agus a cnoic ghlasa. Tobar domhain is ea sráidbhaile Chúil Aodha maidir le togha an cheoil Ghaelaigh agus ó thaobh teanga na Gaeilge féin. Anseo a bhí cónaí ar Sheán Ó Riada, duine de mhórchumadóirí ceoil is mó cáil as Éirinn sa fichiú haois.
I measc sár-shaothair Uí Riada tá 'Mise Éire' agus 'An Tine Bheo'. Sa Mhuileann, Maigh Chromtha, tiocfaidh tú ar fháilte cheart Ghaelach, ar cheol agus craic iontach - áit inar féidir leat tú féin a lonnú agus tú ag spaisteoireacht thart ar chontaetha draíochtúla Chiarraí agus Chorcaí.
 
Tá An Muileann Maigh Chromtha in Iarthar Chorcaí ar cheann de na rúnta is daingne maidir leis an bhfíor-Éire.